go
(Part Vb Cmpl)

Ansin scaoilidís orthu an chonairt go ndúiseoidís an damh, an fia, an mhuc, an giorria, an sionnach agus an broc. 🔊

Ba bhinne gach ceol, a Chléirigh, gáir na bhfear ag seilg na conairte agus scread na na gcon ar thóir na seilge go mbíodh smut gadhair agus lámh laoich dearg le fuil, beithigh ina luí marbh agus giollaí faoi ualach ag cruinniú an áir". 🔊

Chuirtí na giollaí le cuid den seilg go tulaigh éigin a bheadh i gcomhair tine agus uisce. 🔊

Bhídís ag cur na gcloch dearg as na tinte isteach san uisce agus ag baint gaile as go mbíodh an fheoil bruite acu. 🔊

"Chruinníodh na laochra ar an tulach agus níodh gach uile fhear acu a cheann agus a chorp sa dara clais go mbaineadh an t-allas de. 🔊

Ansin bhidís ag cuimilt na n-alt agus a gcuislí go gcuiridís a dtuirse díobh agus chaithidís a bproinn ina dhiaidh sin". 🔊

Sciath agus bata coill a thabhairt leis agus seasamh i log talaimh go gcaithfeadh naonúr laoch a sleátha naoi n-uaire leis in éineacht, agus loitfeadh urchar sleá é thar a sciath agus a bhata coill, raibh glacadh sna Fianna leis. 🔊

Ina dhiaidh sin féin raibh glacadh leis: Go léimfeadh thar ghéag a bhí chomh hard lena héadan. 🔊

Go gcromfadh faoi ghéag a bhí chomh híseal lena ghlúin. 🔊

Go mbainfeadh dealg as a chos gan toirmeasc reatha. 🔊

ndéanfadh é sin uile chaithfeadh móid a thabhairt go mbeadh umhal urramach do na Féinne agus ansin ghlacfadh Fionn sa bhFiannaíocht é. 🔊

Frequency index

Alphabetical index